Mo Chró Beag ag Bun Chnoc an Tí
C Am F
Is iomaí áit álainn in Éirinn
C Am F G
Ag filí 's lucht foghlam' faoi cháil,
C F
Ach measaim gur gleanntáin Thír Chonaill
C G C
An áit ann is deise le fáil.
F
Cha dtabharfainn ar choróin Rí Éamann,
C Am F G
A phálás 's a stór mianach buí,
C F
M' áit chónaí bheag féin i dTír Chonaill,
C G C
Mo chró beag ag bun Chnoc a' Tí.
C Am F
Ná labhair liom fán tír seo a fhágáil
C Am F G
'S imeacht thar sáile anonn;
C Am F
Nó b'fhearr liom bheith beo bocht in Éir-inn
C G C
Ag mo chailín beag deas dóighiúil donn.
F
'N áit a dtiocfadh liom umhlú Dé Domhnaigh
C Am F G
Agus paidir a chur ó mo chroí
C F
Le hanam mo shinsear a tóg-adh
C G C
I mo chró beag ag bun Chnoc a' Tí.
C Am F
Tóg suas do chroí cráite, a Éi-re
C Am F G
Beidh bláth ort 's rachmas go fóill.
C Am F
Nuair a phillfeas do chlann bhocht 'tá dí-brithe
C G C
'S beidh siad ar ball ag gabháil cheoil
F
Tríd ghleanntáin is bhántaibh na tíre
C Am F G
Le haoibhneas is lúcháir a gcroí
C F
Mar táimid anocht i dTír Chonaill
C G C
I mo chró beag ag bun Chnoc a' Tí.